COIRM… LE FIONN RUADH
An bhliain seo, in ár scoil, bhi an Coirm faoi na 1970í nuair a bhí ár dtír cuíosach bocht ach ansin d’éirigh sí saibhir. Ach anois tá tíortha mar an Ukraine agus An Pholainn agus tá siad mar a bhí Éire roimh an ‘tíogar ceilteach’. Rinne múinteoir ó rang 5 an téama bunaithe ar an smaoineamh sin, agus sheinm mo mháistir an ceol ar an pianó. Ar dtús bhi daoine ag canadh mar gheall ar Éire a bheith bocht sa na 1970í le ceol de ‘I’d like to teach the world to sing’. Is cuma cad a fheiceann tú, is cuma cad tá romhat, ni féidir rá o lá go là, an seasfaidh tú an fód. Bhí siad ag caitheamh róbaí dearga cosúil le scéalaí sa tSeanghréig. Ansin, tháinig daoine gléasta in éadaí 1970í amach ar an stáitse agus thosaigh siad ag canadh faoina daoine in Éirinn ag dul go dtí tíortha eile cosúil le Sasana agus Meiriceá agus An Astr·il. Bhi an ceol de ‘Yesterday’. Imeacht linn, gan mórán do dúchas fágtha ‘gain, go bhfaighimid seans chun teacht ar ais gan mhoill, o fágfaimid ar gcairde ‘s clann... Ansin tháinig mo chara Daithí amach agus thosaigh se ag gearán faoina daoine ag imeacht ó Éire go dtí tíortha eile. Bhí brón air faoi sin. Thosaigh sé ag canadh amhráin le ceol ‘My favourite things’ ach go mór feargach. Cloisim na geallainti, bliain i ndiaidh bliana. Tiocfaidh feabhas mor air, ach sinn a bheith ciallmhar… San ‘act’ deireannach, bhíomar le chéile in Latvia ag gearán faoi go gcaitheadh daoine i Latvia dul go dtí tíortha mar Eire. Ansin rinne cúpla daltai ‘solos’ in amhrán de ceol ‘Alleluia’. Bhi cúrfa ann mar ‘Thar na bánta, ina dtainte, siar go hÉireann, tá siad uilig imithe leo.’ Bhi na línte deireanacha ‘Gan aoin staonadh, fós le chéile, ‘nois go hÉireann, tá siad uilig imithe leo. Cuíosach: fairly |
Back to the Front
Page